Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá clú ar Amelia Earhart mar gurb í an chéad bhean riamh a d’eitil trasna an Atlantaigh léi féin. (Thuirling sí taobh amuigh de Chathair Dhoire, ar ndóigh). Ar chlé: An t-eitleán a d’eitil Amelia go hÉirinn. Ar dheis: Amelia Earhart
Sa bhliain 1937, agus í ag iarraidh eitilt thart ar an domhan, d’imigh Amelia Earhart gan tásc gan tuairisc. Bhí sí féin agus a loingseoir, Fred Noonan, áit éigin amuigh i lár an Aigéin Chiúin nuair a rinne siad an teagmháil raidió dheireanach. Dúirt siad go raibh siad ag rith amach as breosla.
Rinneadh cuardach ollmhór ag an am ach níor aimsíodh an t-eitleán, agus níor aimsíodh Amelia ná Fred. Shíl daoine, cúpla bliain ó shin, go raibh réiteach acu ar an mhistéir nuair a d’aimsigh siad cruth eitleáin thíos faoin fharraige (bhí alt againn faoi) – ach fuair siad amach nach raibh ann ach carraigeacha eitleán-chruthacha.
Cruth an eitleáin faoin fharraige (i gcomparáid le heitleán Amelia (ar dheis) – fuair na taighdeoirí amach gur carraigeacha a bhí ann
Íomhá: Deep Sea Vision / PRNewsfoto
Ach tá súil ag foireann taighdeoirí eile go bhfuil réiteach acu féin ar an mhistéir anois. Sa bhliain 2020, thug siad cruth beag faoi deara i bpictiúr satailíte. Cruth cosúil le heitleán a bhí ann, ar oileán i lár an Aigéin Chiúin. Luíonn an t-oileán in aice leis an chonair ar a mbeadh eitleán Amelia ag eitilt 90 bliain ó shin.
An eitilt a bhí beartaithe ag Amelia Earhart (ní léarscáil chruinn í seo)
Tá an fhoireann taighdeoirí i ndiaidh dul chuig an oileán leis ‘an chruth’ seo a fhiosrú. Bhain siad an t-oileán amach Dé Luain. Caithfidh siad a mbealach a dhéanamh tríd an dufair thiubh leis an áit a bhfuil an cruth a bhaint amach. Ansin, beidh siad ábalta é a scrúdú i gceart – ní bheidh sé sin furasta.
Tá fadhb eile ann, áfach, agus fianaise eile ann…agus tá eagla ar roinnt daoine go bhfuil ceangal idir an dá rud.
An fhadhb…
Cónaíonn portáin mhóra ar an oileán – an portán talaimh is mó ar domhan. Tugtar ‘an portán cnó cócó’ nó ‘gadaí-phortán’ ar na portáin seo. Tá crúba móra láidre acu agus fásann siad suas le 1 mhéadar ar fad.
An portán cnó cócó – tá na crúba s’aige chomh láidir sin go dtig leis cnó cócó a scoilteadh go furasta
Itheann na portáin seo torthaí de ghnáth – níl mórán eile ar an oileán. Ach nuair a fhaigheann siad an seans, is breá leo feoil a ithe! Thig leo luchóga móra a cheapadh, thig leo crainn a dhreapadh go fiú, le héin a fháil.
Thig leo crainn a dhreapadh go furasta
Bíonn ar an fhoireann taighdeoirí a mbealach a dhéanamh ar ais chuig a mbád gach oíche – in áit fanacht ar an oileán leis na portáin!
Tagann na portáin seo amach san oíche
An fhianaise eile…
Ní chónaíonn duine ar bith ar an oileán seo ach thug taiscéalaithe as an Bhreatain cuairt ar an áit blianta ó shin. Tháinig na taiscéalaithe ar chnámha daonna, bróg mhná, agus píosaí d’eitleán! Tháinig siad ar fhianaise fosta gur las daoine tine champa san áit – bhí sliogáin, cnámha éisc, cnámha éin agus cnámha turtair in aice leis an tine.
Íomhá: NASA Earth Observatory
An ceangal?
Níl gach duine cinnte gur eitleán é an cruth sa phictiúr satailíte. Seans gur crann atá ann. Ach, go fiú más crann atá ann, deir roinnt daoine gur fianaise iontach láidir í an bhróg mhná, agus na píosaí d’eitleán agus na tinte campa, gur thuirling Amelia Earhart ar an oileán seo nó gur thit a heitleán san fharraige cóngarach dó.
An cruth san fharraige – síleann roinnt daoine gur eite an eitleáin atá ann…
Íomhá: Rick Pettigrew / Archaeological Legacy Institute trí Ollscoil Purdue
An eagla atá ann, tá seans ann gur gortaíodh í féin, nó Fred, nuair a tháinig an t-eitleán anuas. B’fhéidir nár mhair siad rófhada mar gheall ar na gortuithe? Má tharla sé seo, tá seans maith ann go bhfuair na portáin na coirp…agus gur sin an fáth nár aimsigh na taiscéalaithe ach cnámha.
Sin, nó ar thug na portáin cuairt orthu sula bhfuair siad bás?
Seans go bhfaighidh muid níos mó freagraí ó na taighdeoirí.
Ceisteanna le freagairt
Cén fáth a bhfuil clú agus cáil ar Amelia Earhart? Cén ceangal atá aici le Doire?
Cad é a bhí Amelia Earhart agus Fred Noonan ag iarraidh a dhéanamh nuair a chuaigh siad ar iarraidh sa bhliain 1937?
Cad é a thug na taighdeoirí faoi deara i bpictiúr satailíte sa bhliain 2020?
Cad é atá speisialta faoi na gadaí-phortáin a chónaíonn ar an oileán? Luaigh dhá rud.
Cad é an fhianaise a fuarthas ar an oileán a thug ar dhaoine a chreidbheáil go mb'fhéidir go raibh Amelia agus Fred ann tamall?
Le plé
Tá daoine áirithe cinnte gur tháinig Amelia Earhart i dtír ar an oileán. Ach níl gach duine ar aon intinn leo.
An bhfuil sé ceart rúin a fhiosrú? Tá chóir a bheith 90 bliain imithe thart ó chuaigh Amelia Earhart ar iarraidh.