Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is uirlis cheoil an-ársa í an chruit agus tá dlúthnasc aici le stair na hÉireann. Tá tagairtí ann don chruit agus do chruitirí sna scéalta agus sna taifid stairiúla, ag dul siar le míle bliain beagnach.

Is féidir an focal cláirseach a úsáid fosta, mar ainm ar an uirlis cheoil speisialta seo. Agus tugtar cláirseoirí mar ainm eile ar na daoine a sheinneann ar an chláirseach.

(cruitire, nó cláirseoir)
Na céadta bliain ó shin in Éirinn, bhíodh an uirlis cheoil seo in úsáid ag ceoltóirí speisialta a sheinn do na ríthe agus na banríonacha agus do mhóruaisle na tíre san am sin. Bhíodh ardmheas ar na cruitirí agus chum siad ceol álainn mar shiamsa do na móruaisle.

In Éirinn go fóill, tá nós láidir ann, a tháinig anuas ó ghlúin go glúin, den cheol thraidisiúnta. Agus tá áit speisialta ag an chruit, nó an chláirseach, sa traidisiún sin. Is í an chruit (nó an chláirseach) siombail na hÉireann. Tá sí le feiceáil ar phas na tíre, ar lógó an Uachtaráin agus ar lógó an rialtais. Is í Éire an t-aon tír amháin ar domhan a bhfuil uirlis cheoil aici mar shiombail na tíre.

Gach bliain, i lár mhí Dheireadh Fómhair, bíonn ceiliúradh ann ar fud na tíre ar an chruit agus ar cheol na cruite. An bhfaca tú féin cruit riamh, nó ar chuala tú ceol na cruite? Is fiú éisteacht le píosa ceoil seinnte ar an chruit go gcluinfidh tú cuid den seantraidisiún seo atá speisialta don tír s’againn le míle bliain anuas.
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh