Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Fadó, fadó, sula raibh teilifíseáin ná fóin phóca ann, ba ghnách leis na Gaeil scéalta a insint leis an am a chur isteach tráthnóna. Dá mbeadh seanchaí iontach maith ann sa cheantar, ba ghnách leis na comharsana cruinniú le chéile sa teach s’aige nó s’aici leis na scéalta a chluinstin.
Seanchaí i mbun scéalaíochta
Ag an am seo den bhliain, bheadh scéalta faoi thaibhsí, faoi shióga agus faoi neacha osnádúrtha eile iontach coitianta. Ach ansin, ag deireadh na hoíche, bheadh siúlóid iontach uaigneach ag na comharsana ar ais chuig a dteach féin, go háirithe, más rud é gur dhúirt an seanchaí cúpla scéal faoi áiteanna uaigneacha sa cheantar!
Tá na páistí seo uaigneach agus iad ag siúl thart le háit uaigneach!
😔 Ciallaíonn uaigneach ‘tú a bheith brónach má bhíonn tú leat féin’ ach tá cúpla ciall eile leis an fhocal sin fosta.
👻 Ciallaíonn ‘duine uaigneach’ duine a mbíonn eagla air nó uirthi roimh thaibhsí agus rudaí osnádúrtha eile. Duine a smaoiníonn barraíocht ar na rudaí seo.
🏚️👻 Má tá áit uaigneach, is áit é a scanraíonn daoine. B’fhéidir go mbeadh ráflaí ann faoi thaibhsí nó rudaí osnádúrtha eile san áit sin.
Uaigneach (leat féin) | Uaigneach (eagla roimh thaibhsí) | Áit uaigneach
Tá scéalta taibhsí agus scéalta faoi áiteanna uaigneacha ann fud fad na hÉireann, ar ndóigh. Agus, ós rud é go bhfuil Oíche Shamhna ag teacht aníos, seo thíos cúpla scéal faoi na háiteanna is uaigní sa tír…
Caisleán Bhaile Geithligh, Contae Aontroma
Is óstán é an caisleán anois – tá an túr go fóill ann!
Tá an caisleán seo 400 bliain d’aois agus tá sé suite cois trá i mBaile Geithligh, Contae Aontroma. Sa lá atá inniu ann, is óstán 4 réalta atá ann, ach, más fíor do na scéalta, faigheann na cuairteoirí níos mó ná bia deas agus radhairc dheasa ar Shruth na Maoile.
Baile Geithligh, Contae Aontroma – an bhfeiceann tú Caisleán Bhaile Geithligh?
Tá go leor scéalta thart faoi thaibhse sa chaisleán. Bhíodh bean darbh ainm Isabella Shaw ina cónaí sa chaisleán fadó ach thit sí amach as fuinneog ard i dtúr an chaisleáin agus fuair sí bás. Caithfidh sé go raibh dúil mhór aici san áit, nó, níor fhág sí riamh! Deir go leor cuairteoirí san áit go gcluineann siad trup agus glór mná san oíche. Tá daoine ann go fiú a dúirt go bhfaca siad an bhean seo ag siúl tríd sheomraí an chaisleáin!
Ar mhaith leat féin stopadh ann Oíche Shamhna?
Ard-Eaglais Naomh Colm, Doire
Tógadh Ard-Eaglais Naomh Colm sa cheantar chéanna ina raibh eaglais ag Naomh Colm Cille beagnach 1500 bliain ó shin. Osclaíodh an Ard-Eaglais don phobal in 1644 ach ní raibh fadhbanna ar bith acu le taibhsí go dtí an bhliain 1867. Sa bhliain sin, bhí siad ag obair ar an Ard-Eaglais. Lá amháin, chuir fir oibre isteach ar uaigh sean-easpaig a bhí curtha ansin – an tEaspag William Higgins.
Ard-Eaglais Naomh Colm, i gcroí lár Chathair Dhoire
Ón lá sin ar aghaidh, thosaigh daoine de bheith ag cluintstin coiscéimeanna san áit, fiú nuair a bhí sé folamh. Bheadh ‘rudaí’ (nó daoine?) breise le feiceáil i ngrianghraif agus thosódh an t-orgán de bheith ag seinm, leis féin!
B’fhéidir nach bhfuil ann ach go raibh an tEaspag dubh dóite?

👻 Ceisteanna Tuisceana
Cad é a rinne daoine le siamsaíocht a bheith acu sula raibh teilifíseáin agus fóin phóca ann?
Cum trí abairt leis na rudaí difriúla a chiallaíonn an focal uaigneach a léiriú?
Cá bhfuil Caisleán Bhaile Geithligh agus cén úsáid a bhaintear as sa lá atá inniu ann?
Cérbh í Isabella Shaw agus cad é a tharla di?
Cad é a tharla in Ard-Eaglais Naomh Colm sa bhliain 1867? Luaigh dhá rud aisteacha a thosaigh de bheith ag tarlú ina dhiaidh sin.
💭 Le plé
Is óstán ceithre réalta é Caisleán Bhaile Geithligh anois. An mbeadh fonn ort oíche a chaitheamh san óstán seo? Cén fáth?