Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Arracht Léim Uí Bhánáin
Tá Caisleán Léim Uí Bhánáin suite i gcontae Uíbh Fhailí agus tá stair fhada fhuilteach ag baint leis an áit. (Go fiú an t-ainm féin, Léim Uí Bhánáin – tá cúpla scéal difriúil ann a mhíníonn an t-ainm ach an rud atá i gcoitinne acu ná go bhfuair Ó Bánáin bás i ndiaidh dó léim a dhéanamh!)
Caisleán Léim Uí Bhánáin – is féidir cuairt a thabhairt air ach ní féidir stopadh thar oíche ann níos mó
Tá an oiread sin scéalta taibhsí ag baint leis an áit nach féidir cur síos a dhéanamh orthu uilig anseo. Ón sagart a dúnmharaíodh i ‘Seipéal na Fola’ go dtí an ‘Bhean Dhearg’ a shiúlann tríd an áit. Ní nach ionadh go dtagann criúnna scannánaíochta as tíortha eile le cláir a dhéanamh faoi thaibhsí Léim Uí Bhánáin.
Idir Seipéal na Fola agus an Bhean Dhearg – tá go leor fáthanna ann gan cuairt a thabhairt ar an Chaisleán seo Oíche Shamhna
Ceann de na scéalta is clúití faoin áit, áfach, baineann sé le harracht iontach scáfar a bhfuil cloigeann duine agus corp gabhair air. Más fíor do na scéalta, beidh a fhios agat go bhfuil sé thart roimh duit é a fheiceáil. Cén fáth? Mar gabhann boladh fíor-uafásach leis.
Gheobhaidh tú boladh an arrachta seo sula bhfeicfidh tú é!
Suimiúil go leor, cé go dtéann go leor de na scéalta taibhsí san áit siar na céadta bliain, is scéal measartha nua é scéal an arrachta seo. Ag tús na mblianta 1900, bhí bean darbh ainm Mildred Darby ina cónaí sa chaisleán, agus dúirt sí go bhfaca sí an créatúr seo. Mar a tharlaíonn sé, ba scríbhneoir scéalta uafáis í Mildred. B’fhéidir nach bhfuil ann ach comhtharlú gurbh í Mildred an chéad duine riamh a chonaic an t-arracht daonna gabhrúil…nó an é nach é an t-arracht an t-aon rud amháin a bhfuil boladh bréan air sa scéal seo!
Tá sé iontach suimiúil gur scríbhneoir scéalta uafáis an chéad duine riamh a chonaic an t-arracht seo!
Halla Loftus, Contae Loch Garman
Halla Loftus – samhlaigh an oíche dhorcha stoirmiúil sin!
Oíche amháin, fadó, tháinig strainséir chuig an teach mór seo ar chósta Loch Garman. Bhí stoirm taobh amuigh agus cuireadh fáilte roimhe isteach. Shuigh sé síos le muintir an tí – muintir Tottenham – le cluiche cártaí a imirt. Nuair a thit ceann dá cuid cártaí ar an urlár, chrom iníon an tí, Anne Tottenham, síos lena phiocadh suas arís. Chonaic sí rud uafásach! Chonaic sí nach raibh gnáthchosa daonna ag an strainséir, ach crúba ainmhí!
Ba cheart d’Anne a ligean do dhuine éigin eile an cárta a thógáil!
De réir an tseanscéil, d’eitil an strainséir suas tríd an díon agus ní fhacthas arís é. Agus Anne? Thit sí i laige agus níor mhúscail sí riamh. Fuair sí bás tamall ina dhiaidh sin. Deirtear go siúlann an taibhse s’aici tríd an seanteach go fóill.
Ach cérbh é an strainséir mistéireach, i do bharúil?
Baineann na scéalta seo le caisleáin, le tithe móra agus le háiteanna cáiliúla eile in Éirinn. Ach tá scéalta faoi thaibhsí agus faoi áiteanna uaigneacha i mbeagnach gach baile agus sráidbhaile sa tír!
Cad é faoi do cheantar féin? An bhfuil áiteanna uaigneacha ann? An bhfuil aon scéalta taibhsí ar eolas agat?
B’fhéidir go bhfuil seanteach tréigthe i do cheantar a bhfuil scéalta aisteacha ag baint leis. Nó b’fhéidir go bhfuil lios sí ann, nó seanchrann nach leagfaidh duine ar bith mar nár mhaith leo olc a chur ar na sióga?
Cuir ceist ar do thuismitheoirí nó ar do sheantuismitheoirí. B’fhéidir go bhfuil seanscéal scanrúil acu nár chuala tú riamh!
Ba bhreá linne na scéalta sin a chluinstin fosta!
Déan taighde i do cheantar féin! Caithfidh sé go bhfuil scéal nó dhó scanrúil a thiocfadh leat a insint!
🦇 Ceisteanna Tuisceana
Déan cur síos ar arracht Léim Uí Bhánáin. Cén dóigh a mbeadh a fhios agat go raibh sé cóngarach duit?
Cérbh í Mildred Darby? Cad é atá i gceist ag an údar leis an líne ‘ní hé an t-arracht an t-aon rud amháin a bhfuil boladh bréan air sa scéal seo!’
Cén fáth ar tháinig an strainséir chuig Halla Loftus agus cad é a bhí sé a dhéanamh le muintir an tí?
Cad é a chonaic Anne Tottenham nuair a chrom sí síos leis an chárta a phiocadh suas?
Cad é a tharla don strainséir agus d’Anne ina dhiaidh sin?
💭 Le plé – Scéalta ó do cheantar féin
An bhfuil aon áit uaigneach i do cheantar féin?
Cuir ceist ar do thuismitheoirí nó ar do sheantuismitheoirí faoi na seanscéalta atá ar eolas acu. An bhfuil aon scéal acu faoi thaibhse, faoi shióga nó faoi áit uaigneach?
Ba bhreá linn bhur gcuid scéalta a chluinstin!